Chuir Ambasadóirí a nDintiúir i láthair

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir A.S. Sophie Katsarava, Ambasadóir na Seoirsia agus A.S. Asma Khelef, Ambasadóir Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin Ó hUigínn ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.

Beidh Searmanas Bhronnadh Litreacha na Creidiúna ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.
 

Previous engagement

An tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag Cluiche Ceannais Peile CLG na hÉireann

Next engagement

Fleadh Cheoil na hÉireann 2025 á oscailt ag an Uachtarán