Cuireann Ambasadóirí a nDintiúirí faoi bhráid an Uachtaráin

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir A.S Nicola Faganello, Ambasadóir na hIodáile agus A.S an Dochtúir Jilan Wahba Abdalmajid, Ambasadóir Stát na Palaistíne a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn ag searmanas in Áras an Uachtaráin. 

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón bpointe a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.

Reáchtáiltear Searmanas Bronnta Litreacha na Creidiúna i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais tugtar onóracha míleata lasmuigh den Áras.

Buaileann an tUachtarán le Foireann Transplant Sport Ireland
Previous engagement

Buaileann an tUachtarán le Foireann Transplant Sport Ireland

Next engagement

Tairgeann Simon Harris éirí as mar Thaoiseach