Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais don Uachtarán

Location: Baile Atha Cliath: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Thíocalaigh a Soilsí, an Nuinteas Aspalda ón Suí Naofa, Ambasadóir na Fraince, Ambasadóir Phoblacht Mhálta, agus Ambasadóir Phoblacht na Laitvia a gcreidiúnais don Uachtarán.

I gcuideachta A.Sh. An tArd-Easbag, Jude Thaddeus Okolo, an Nuinteas Aspalda, bhí An Moinsíneoir Sár-Oirmhinneach Piotr Tarnawski, Leas-Cheann Misin.

I gcuideachta A. Sh. Stéphane Crouzat, Ambasadóir na Fraince, bhí a chéile Jennifer Zeitlin, Uasal, a iníon, an Banuasal Zoe Crouzat, agus Lionel Paradisi – Coulouma, Uasal, Leas-Cheann Misin.

I gcuideachta A.Sh. Leonard Sacco, Ambasadóir Phoblacht Mhálta, bhí a chéile, an Banuasal Theresa Sacco, a iníon, Charlotte Moore, a mhac, Terence Sacco, agus Karl Matthew Xuereb, Uasal, an Chéad-Rúnaí, ag an Ambasáid.

I gcuideachta A. Sh. Janis Silis, Ambasadóir Phoblacht na Laitvia, bhí Nora Redliha, Uasal, Ceannasaí na Rannóige Consalachta ag an Ambasáid.

Ba í Mary Mitchell O’Connor, Uasal, T.D., Aire Stáit um Ard-Oideachas, ionadaí an Rialtais ag an searmanas.

President receives Almuthna Loulah on a courtesy call
Previous engagement

President receives Almuthna Loulah on a courtesy call

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag comóradh deich mbliana Teach Dumfries
Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag comóradh deich mbliana Teach Dumfries