Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais:

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

 A.Sh. An tUasal Sultan Mohamed Majed Al Ali, Ambasadóir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

A. Sh. An tUasal Petr Kynstetr, Ambasadóir Phoblacht na Seice

A. Sh. An tUasal Tran Ngoc An, Ambasadóir Phoblacht Shóisialach Vitneam


Anuraidh, chuir 33 Ambasadóir eachtrannach a gcuid dintiúr faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Is iad na litreacha creidiúnaithe na cáipéisí oifigiúla a shainaithníonn na hambasadóirí nua mar ionadaithe oifigiúla a gCinn Stáit.

Cuirtear Searmanas Bronnta na Litreacha Creidiúnaithe ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais, tugann an tUachtarán cuireadh don Ambasadóir nua chuig cruinniú príobháideach, agus ina dhiaidh sin cuirtear onóracha míleata ar fáil taobh amuigh den Áras.
 

An tUachtarán i láthair ag taibhiú ó “The Gloaming”
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag taibhiú ó “The Gloaming”

Thug Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar roinnt phríosún i mBaile Átha Cliath
Next engagement

Thug Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar roinnt phríosún i mBaile Átha Cliath