Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Thíolaic A Shoilse, an tUasal Akhilesh Mishra, Ambasadóir na hIndia, A Soilse, an tUasal Florence Ensch, Ambasadóir Ard-Diúcacht Lucsambourg, agus A Shoilse, an tUasal Magnus Rydén, Ambasadóir na Sualainne a gCreidiúnais don Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí Tionlacan Onóra ag na hAmbasadóirí go hÁras an Uachtaráin agus ar ais, a raibh díorma gluaisrothar ann ón 2 Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannasaíocht an Leifteanaint Dillon McAuliffe. 

Bhí Garda Onóra ag Áras an Uachtaráin ón 28ú Cathlán Coisithe, Campa Fhionnúrach, Co. Dún na nGall faoi cheannasaíocht an 2ú Leifteanaint Andrew O’Connor.

Stiúir an Captaen John Carpenter Banna Uimhir 1 an Airm, Dún Chathail Bhrugha.

Ba é an 2ú Leifteanant, Andrew O’Connor, ón 28ú Cathlán Coisithe, Campa Fhionnúrach, Co. Dún na nGall an ceannasóir. 

Freastalaíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn ar Shearmanas Cuimhneacháin do na hEalaíona
Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn ar Shearmanas Cuimhneacháin do na hEalaíona

Glacann Saidhbhín páirt in ócáid chomórtha ar an 16 Lá Ghníomhú Domhanda ar an bhForéigean ar Bhonn Inscne
Next engagement

Glacann Saidhbhín páirt in ócáid chomórtha ar an 16 Lá Ghníomhú Domhanda ar an bhForéigean ar Bhonn Inscne