Tíolacann na hAmbasadóirí a gCreidiúnais don Uachtarán

Location: (baile átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir A Soilse, an tUasal Ijeoma Chinonyerem Obiezu, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Nigéire, A Soilse, an tUasal Larysa Gerasko, Ambasadóir na hÚcráine agus a Shoilse, an tUasal Cord Meier-Klodt, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a Litreacha Creidiúnais faoi bhráid an Uachtaráin Mhíchíl D. Uí Uigínn ag Áras an Uachtaráin.

Bhí Tionlacan Ónóra ag na hAmbasadóirí go hÁras an Uachtaráin agus ar ais, a raibh díorma gluaisrothar ann ón 2 Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannasaíocht an Dara Leifteanaint Dillon McAuliffe.

Chuir an tAerchór, ó Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill, Garda Onóra ar fáil go hÁras an Uachtaráin faoi cheannasaíochta an Leifteanaint Joseph Ward. 
 

Previous engagement

An Uachtarán Ó hUigínn i láthair ag sochraid gníomhaí Taistealaí Michael McDonagh

Labhraíonn an tUachtarán ag Cruinniú Mullaigh Chórais Bia na NA
Next engagement

Labhraíonn an tUachtarán ag Cruinniú Mullaigh Chórais Bia na NA