An tUachtarán i láthair ag Comóradh Bliana an Chéid an Asgard

Location: An Ché Thoir, Binn Éadair
{{ diary_page.title }}

An tUachtarán i láthair ag Comóradh Bliana an Chéid an Asgard.

 

 

I mí Iúil 2014, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag Comóradh Céad Bliain an Asgard i mBinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath. Ar an gcé, áit a ndearnadh díluchtú ar lastas 900 raidhfil Ghearmánach ar an 26 Iúil 1914 ón Asgard, dúirt an tUachtarán gur cheart leas a bhaint as an gcomóradh chun tráth dóchais agus athnuachana a thabhairt chun cuimhne.

Is féidir leat óráid an Uachtaráin a léamh anseo.

Tharla tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair tar éis gur smuigleáil Óglaigh Uladh muinisean isteach go Latharna agus bhí sé i gceist Óglaigh na hÉireann a armáil le 900 raidhfil Mauser agus  29,000 urchar chun prionsabail an Rialtais Dúchais a chosaint. Cuireadh na hairm, a fuarthas sa Ghearmáin agus a úsáideadh den chéad uair sa Chogadh Franc-Phrúiseach in 1870-71, ar bord an  Asgard sa Mhuir Thuaidh. 

Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.Sh. An tUasal Marcin Nawrot, Ambasadóir na Polainne chun na hÉireann

Next engagement

Osclaíonn an tUachtarán Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta John Hewitt go hoifigiúil