Aitheasc á thabhairt ag an Uachtarán do Chruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) faoi COVID-19 agus Saol an tSaothair.

{{ diary_page.title }}

Ar an 8 Iúil, ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i gCruinniú Mullaigh an ILO faoi ‘COVID-19 agus Saol an tSaothair’.

Tugann an Cruinniú Mullaigh le chéile ionadaithe rialtais, na bhfostóirí agus na n-oibrithe chun machnamh a dhéanamh ar thionchar eacnamaíochta agus sóisialta phaindéim Covid-19 agus dúshláin na dtíortha sin atá ag troid in aghaidh na paindéime a phlé. 
 
Ina aitheasc, labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi iarmhairtí na míchothromaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta atá nochta ag an bpaindéim agus iarrfaidh sé ar an ILO cearta na n-oibrithe leochaileacha a chosaint. 

 

 

Imeachtaí Bainteacha:

Cheap an tUachtarán Ó hUigínn chun Rialtas
Previous engagement

Cheap an tUachtarán Ó hUigínn chun Rialtas

An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag an Lá Bliantúil Cuimhneacháin Náisiúnta