Tugann an tUachtarán Óráid ag searmanas bronta IMRO um Ghradaim Raidió

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Tá aitheasc taifeadta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn i gcomhair searmanas duaiseanna raidió IMRO.

I bhfianaise shrianta reatha Covid-19, bronnfar na duaiseanna i searmanas fís-sruthaithe bheo.

Ina aitheasc, cuireann an tUachtarán a dhea-ghuí chucu siúd go léir a ainmníodh i gcomhair na nduaiseanna agus molann sé “an iliomad daoine cumasacha a leanann le freastal ar ár bpobail trí chraoltóireacht.”

Labhraíonn an tUachtarán ar na gradaim mar “chomhartha buíochais as an tsolúbthacht agus as an gcruthaitheacht” a léirigh láithreoirí agus teicneoirí agus iad ag sárú na ndúshlán a bhaineann le craoladh raidió le linn na paindéime, agus tarraingíonn aird ar “chumhacht ollmhór agus iontach an raidió.”

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Athair Pat Clarke
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Athair Pat Clarke

Next engagement

Seiminéar gréasáin maidir le peirspictíocht dhomhanda um chothú cíche, móide tacaíocht um chothú cíche, á oscailt ag Saidhbhín