Tugann an tUachtarán aitheasc i bParlaimint na hEorpa

Location: Parlaimint na hEorpa, Strasburg

Parlaimint na hEorpa, Strasburg

Dé Céadaoin, 17th Aibreán 2013

{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc do shuí foirmiúil de Pharlaimint na hEorpa  in Strasbourg. 

Ina óráid, labhair an tUachtarán ar thábhacht na freagrachta i ndaonlathais agus d’éiligh sé samhlacha nua den gheilleagar chun a chinntiú go mbeimid ábalta an ghéarchéim a shárú. Labhair an tUachtarán freisin faoin ngá le smaointe nua agus faoin tábhacht le smaointeoireacht sheanbhunaithe faoin ngeilleagar a cheistiú. 

"Is oidhreacht í an Eoraip nach féidir neamhshuim a dhéanamh de. Tá cumha ag ár saoránaigh i ndiaidh teanga na dlúthpháirtíochta, tiomantas don chomhtháthú, agus reitric chuimsitheach atá cuí i dtaca le haontas polaitiúil atá ag forbairt."

Is féidir leat óráid an Uachtaráin a léamh anseo, nó éisteacht leis trí chliceáil ar an nasc thíos. 

Previous engagement

Imeacht an Uachtaráin ar chuairt oifigiúil go Strasburg

Next engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Foireann na hÉireann