Aitheasc ón Uachtarán ag Dinnéar Fleáchais chun clabhsúr a chur le Scoil Samhraidh JFK. Cuireann sé crann in ómós do Chomóradh Cinn 50 na Páirce Chuimhneacháin

Location: (Loch Garman) Páirc Chuimhneacháin JFK

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag imeacht clabhsúir Scoil Samhraidh Uí Chinnéide 2018 i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman.


Chuir an tUachtarán crann sa Chranlann chomh maith, chun comóradh a dhéanamh ar oscailt Pháirc Chuimhneacháin JFK 50 bliain ó shin, páirc 623 acra i gcuimhne ar Uachtarán na Stát Aontaithe, John F. Kennedy, a d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera in 1968.

---


In 2013, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar chuairt an Uachtaráin  John F. Kennedy go hÉirinn 50 bliain roimhe sin, i mí an Mheithimh 1963. Is féidir leat féachaint ar an teachtaireacht speisialta ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn  anseo.

Sa bhliain chéanna, chuir an tUachtarán fáilte roimh Caroline Kennedy iníon  iar-Uachtarán SA, go hÁras an Uachtaráin, i dteannta a fear céile, Edwin Schlossberg, a gclann Rose, Tatiana agus Jack, chomh maith le cuid mhaith de theaghlach Uí Chinnéide. 

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gcrann a chuir an tUachtarán Ó Cinnéide i dtailte Áras an Uachtaráin trí chliceáil anseo

Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Uasal Rhys McClenaghan ar chuairt chúirtéise
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Uasal Rhys McClenaghan ar chuairt chúirtéise

Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann - CLG - idir Corcaigh agus Cill Coinnigh