An tUachtarán agus Sabina i láthair ag ócáid chun Comhlachas Chorcaí, a bunaíodh dhá chéad bliain ó shin, a chomóradh

Location: Halla na Cathrach, Corcaigh

Thug an tUachtarán Ó hUigínn an phríomhóráid ag imeacht chun bunú Chomhlachas Tráchtála Chorcaí 200 bliain ó shin a chomóradh. 

Ina chéad aitheasc do lucht éisteachta gnó ó thosaigh sé a dhara téarma, labhair an tUachtarán leis an lucht freastail ag dinnéar i gcomhair ceannairí gnó na cathrach. 

Thar na blianta beaga atá caite, tá an tUachtarán tar éis a bheith gníomhach i gcur chun cinn ceangail trádála na hÉireann, é ag obair le ceannairí gnó sa bhaile agus thar lear chun infheistíocht in Éirinn a spreagadh. 

Bhí sé i gcuideachta pobal gnó Chorcaí agus ceann de na hinstitiúidí is sine ar oileán na hÉireann á cheiliúradh acu, agus thapaigh sé an deis Comhlachas Chorcaí agus a bhallchomhlachtaí a mholadh as an obair a bhíonn ar siúl acu agus iad ag cothú caidrimh idir gnólachtaí agus an tsochaí a bhfuil rath an duine ina chroílár acu.   

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Cheanncheathrú an FAI; féachann siad ar áiseanna Bhaile an Aba chomh maith
Previous engagement

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Cheanncheathrú an FAI; féachann siad ar áiseanna Bhaile an Aba chomh maith

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an Ionad Fáilte; buaileann siad le múinteoirí atá ag saothrú go deonach, agus le daltaí
Next engagement

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an Ionad Fáilte; buaileann siad le múinteoirí atá ag saothrú go deonach, agus le daltaí