An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2023 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: RDS, baile átha Cliath 4
{{ diary_page.title }}

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eolaí Óg, 2023. 
 
Tar éis dhá imeacht fhíorúla a reáchtáil in 2021 agus 2022 de bharr phaindéim Covid-19, d’fhill an ócáid ar an RDS, BÁC 4, do thaispeántas 2023. 
 
Bailíonn an ócáid cuid de na daoine óga is éirimiúla sa tír le chéile le dul san iomaíocht don teideal mar Eolaí agus Teicneolaí Óg na Bliana BT. 
 
Mhol an tUachtarán an comórtas mar go dtugann sé ardán do dhaoine óga a dtallanna a léiriú agus dúirt sé gur “buaic an éachta agus na fionnachtana eolaíochta i measc na hóige ar fud an domhain atá ann”. Mhol sé é freisin as an spreagadh a thugann sé do dhaoine óga teorainneacha na heolaíochta a shárú agus a bhfuinneamh cruthaithe agus a bhfiosracht a chur i bhfeidhm chun a fháil amach cén chaoi ar féidir an domhan mórthimpeall orthu a fheabhsú.

Teachtaireacht Na Nollag Ón Uachtarán Ó HUigínn
Previous engagement

Teachtaireacht Na Nollag Ón Uachtarán Ó HUigínn

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh A Sh. an tUasal Brad Burgess, Ambasadóir na Nua-Shéalainne, ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil leis
Next engagement

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh A Sh. an tUasal Brad Burgess, Ambasadóir na Nua-Shéalainne, ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil leis