Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina in ómós do “Women in the Sciences” i ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan

Location: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Dé hAoine, 8th Márta 2019

{{ diary_page.title }}

Dé hAoine an 8 Márta, d'ostáil agus tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú ag Áras an Uachtaráin, mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Gach bliain, déanann an tUachtarán Ó hUigínn iarracht imeacht a óstáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan: 

·        In 2012, rinne an tUachtarán ceiliúradh ar an lá trí oifigí nua Chomhairle Náisiúnta na mBan a oscailt. 
·        In 2013, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn imeacht do Cheannairí Ban
·        In 2014, d’fhreastail an tUachtarán ar chluiche rugbaí idirnáisiúnta na mban. 
·        In 2015, cheiliúr an tUachtarán Ó hUigínn an Lá trí imeacht a óstáil maidir le Mná agus Spórt. 
·        In 2016, chuir an tUachtarán lena ról mar Chosantóir Ceannaire Domhanda HeForShe le gairm ar eagraíochtaí a bhfuil ballraíocht shuntasach fear acucabhrú chun an foréigean baile a dhíbirt. 
·        In 2017, ba é téama Lá Idirnáisiúnta na mBan an Uachtaráin foréigean baile agus gnéasach. 
·        In 2018, d’úsáid an tUachtarán Lá Idirnáisiúnta na mBan chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain de cheart vótála na mban.

I mbliana, d'usáid an tUachtarán an Lá chun ceiliúradh a dhéanamh agus aird a tharraingt ar obair na mban ata i mbun taighde.

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn 150 taighdeoir chuig Áras an Uachtaráin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar a saothar, cibé ar taighdeoirí óga iad ag tús a ngairmeacha, nó saineolaithe a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu.  
 

An tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Folláine agus Feirm Shóisialta Pobail an Tobair ag Béal Átha an Airgid
Previous engagement

An tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Folláine agus Feirm Shóisialta Pobail an Tobair ag Béal Átha an Airgid

An tUachtarán i láthair ag Cluiche i gCraobh na Sé Náisiún 2019, idir Éire agus an Fhrainc
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche i gCraobh na Sé Náisiún 2019, idir Éire agus an Fhrainc