Rinne an tUachtarán agus Saidhbhín comóradh ar bhunú Sheirbhís Chúnaimh do Thurasóirí in Éirinn 25 bliain ó shin.
Tugann an tSeirbhís Chúnaimh do Thurasóirí in Éirinn cúnamh do chuairteoirí idirnáisiúnta a dtarlaíonn eachtra coiriúlachta agus eachtraí trámacha eile dóibh agus iad ar cuairt ar Éirinn.
Thug an tseirbhís cúnamh do níos mó ná 17,000 turasóir ó 110 tír ó áiteanna ar fud an domhain ó tháinig sí i bhfeidhm in 1994.