Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an láthair cuimneacháin a tógadh i gcuimhne ar na daoine a maraíodh de bharr na buamála i mBirmingham

Location: (Sasana) Cearnóg Centenary, Birmingham
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín cuairt ar leacht i gcuimhne ar bhuamáil na dtithe tábhairne in Birmingham i mí na Samhna 1974.

Maraíodh 21 duine agus fágadh beagnach 200 duine gortaithe de bharr na buamála i mí na Samhna 1974. Cuireadh an milleán ar an IRA faoin mbuamáil - ceann de na hainghníomhartha ba mharfaí le linn na dTrioblóidí - agus tharla ionsaithe díoltais ar phobal mór Éireannach na cathrach dá bharr. Tharla iomrall ceartais agus cuireadh "seisear Birmingham" sa phriosún ar feadh 16 bliana, agus d'éalaigh na daoine b'údar leis an mbuamáil óna n-ionchúiseamh. 

Nochtadh leacht cuimhneacháin na buamála i ndeireadh 2018 - 44 bliain go díreach i ndiaidh na n-ionsaithe - agus tionscnamh de chuid Chumann na nÉireannach i mBirmingham a bhí ann, le tacaíocht ó theaglaigh na n-íospartach agus Network Rail.

Tá trí chrann miotail dealbhaithe sa leacht cuimhneacháin, sé dhuilleog atá 1.52 méadar ar fad ar gach ceann díobh, agus ainmneacha agus aoiseanna na n-íospartach greanta orthu.   
 

Plaic á nochtadh ag an Uachtarán, i gcuimhne ar an áit inar saolaíodh Dónall Finín Ó Laoghaire
Previous engagement

Plaic á nochtadh ag an Uachtarán, i gcuimhne ar an áit inar saolaíodh Dónall Finín Ó Laoghaire

Tugann an tUachtaráin, agus Prionsa na Breataine Bige cuairt ar Ollscoil Learphoill
Next engagement

Tugann an tUachtaráin, agus Prionsa na Breataine Bige cuairt ar Ollscoil Learphoill