Cuairt an Uachtaráin agus Sabina chuig Príosún Freemantle

Location: Perth, An Astráil
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán cuairt ar phríosún Fremantle, iarphríosún agus Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhfuil suntas nach beag ag baint leis i stair na hÉireann agus na hAstráile.

Tar éis don chéad long a d’iompair daoránaigh teacht go cuan Fremantle Harbour in 1850, chuaigh beagnach 10,000 daoránach tríd an mbunáit idir 1850 agus 1868, roinnt príosúnach Fíníneach ina measc a tháinig ar an Hougoumont, an long dhaoránach dheiridh a sheol chuig an Astráil, a tháinig le cé in Fremantle ar an 9 Eanáir 1868. Le linn an aistir chuir roinnt Fíníneach seacht n-eagrán de pháipéar nuachta ar fáil ar bord loinge a raibh an teideal The Wild Goose air, agus tá siad fós ar fáil i leabharlann stáit New South Wales.

Imeacht an Uachtaráin agus Sabina ar chuairt Stáit chun na hAstráile
Previous engagement

Imeacht an Uachtaráin agus Sabina ar chuairt Stáit chun na hAstráile

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Cluichí Craobhchomórtais Astrálaiseacha de chuid CLG
Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Cluichí Craobhchomórtais Astrálaiseacha de chuid CLG