Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar thaispeántas “He Tohu”

Location: Leabharlann Náisiúnta na Nua-Shéalainne, Wellington
{{ diary_page.title }}

Ar an dara lá dá Chuairt Stáit ar an Nua-Shéalainn, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na Nua-Shéalainne, chun an taispeántas ‘He Tohu’ a fheiceáil. 

Is taispeántas é sin de thrí dhoiciméad thábhachtacha a mhúnlaigh an Nua-Shéalainn (Aotearoa i Maorais): 

* An ‘He Whakaputanga o te Rangatiratanga o Nu Tireni’ (Dearbhú Neamhspleáchais Treibheanna Aontaithe na Nua Shéalainne) ó 1835;
* An ‘Te Tiriti o Waitangi’ (Conradh Waitangi) ó 1840;  
* An ‘Te Petihana Whakamana Poti Wahine’(Achainí ar Cheart Vótála do Mhná) ó 1893. 

Tá sé mar aidhm ag an taispeántas He Tohu ("na Comharthaí"), na trí cháipéis is cáilúla agus is tábhachtaí ó thaobh an bhunreachta de sa Nua-Shéalainn, a chaomhnú ar feadh an 500 bliain amach romhainn.

Tá na trí dhoiciméad coimeádta i gcásanna taispeántais, a bhfuil an t-atmaisféar rialaithe iontu agus iad faoi aláram, sa Leabharlann Náisiúnta.

An tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby
Previous engagement

An tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby

Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag an Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta do Chreatha Talún...
Next engagement

Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag an Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta do Chreatha Talún...