Ceapann an tUachtarán an Breitheamh Micheál P. O’Higgins agus an Breitheamh Rory Mulcahy chun a bheith ina mBreithimh ar an Ard-Chúirt

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Cheap an tUachtarán an tUasal Micheál O’Higgins agus an tUasal Rory Mulcahy mar Bhreithiúna den Ard-Chúirt ag searmanas ag Áras an Uachtaráin.

D’fhreastail na daoine seo a leanas ar an searmanas chomh maith:
An Tánaiste, an tUasal Micheál Martin T.D.
An tAire Simon Harris T.D.
An tArd-Aighne, an tUasal Rossa Fanning C.U.
Rúnaí Cúnta Roinn an Taoisigh, an tUasal Dermot Woods
Ard-Rúnaí an Uachtaráin, an Banuasal Orla Hanrahan

Tá an chumhacht ag an Uachtarán faoin mBunreacht an Taoiseach a cheapadh, ach é/í a bheith ainmnithe ag Dáil Éireann, chomh maith le comhaltaí eile an rialtais arna n-ainmniú ag an Taoiseach agus ceadaithe ag an Dáil. I measc na sealbhóirí oifige eile a cheapann an tUachtarán, ar chomhairle an rialtais, bíonn Breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus oifigigh choimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Ról Bunreachtúil an Uachtaráin, cliceáil anseo.

https://president.ie/ga/an-tuachtaran/rol-bunreachtuil

Freastalaíonn an tUachtarán ar Chomórtas Craobh Siansa Gael Linn 2023
Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán ar Chomórtas Craobh Siansa Gael Linn 2023

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh a S. an R.-O. Bantiarna Cindy Kiro, Seanascal na Nua-Shéalainne, ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh a S. an R.-O. Bantiarna Cindy Kiro, Seanascal na Nua-Shéalainne, ar chuairt chúirtéise