An tUachtarán i láthair ag Fáiltiú, d’fhonn an Dara Laureate um Irish Fiction 2018 – 2021 a fhógairt

Location: An Chomhairle Ealaíon, Cearnóg Mhuirfean
{{ diary_page.title }}

Ag searmanas sa Chomhairle Ealaíon inniu, d’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Sebastian Barry ina Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2018-2021.

Beidh Sebastian Barry ag teacht i gcomharbas ar Anne Enright, a ceapadh ina céad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach in 2015.

Bronnann an Chomhairle Ealaíon an Laureate ar scríbhneoir Éireannach, a scríobhann i mBéarla, agus a bhfuil clú náisiúnta agus idirnáisiúnta air nó uirthi.
Baintear leas as an ngradam chun litríocht na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun an pobal a spreagadh le ficsean Éireannach den scoth a léamh. 
 
Ba í Anne Enright an chéad Laureate ar bhronn an Chomhairle Ealaíon an gradam uirthi, agus chuir sí tús lena téarma trí bliana i mí Eanáir 2015.
 

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dr Urr. Noble McNeely, Modhnóir, Eaglais Phreispitéireach in Éirinn
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dr Urr. Noble McNeely, Modhnóir, Eaglais Phreispitéireach in Éirinn

Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh A.S. an Banuasal Hana Mottová, Ambasadóir Phoblacht na Seice go...