An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

{{ diary_page.title }}

Ar Dhomhnach Cásca rinne cuimhneachán ar fhir agus ar mhná 1916, ní trí shearmanais a mbeidh an pobal i láthair acu, ach trí imeacht a chraolfar ar theilifís ag meán lae.

Bhí an searmanas ar siúl in Áras an Uachtaráin agus in Ard-Oifig an Phoist, ceanncheathrú na gceannairceach le linn Éirí Amach 1916.

Chuir tús leis an searmanas nuair a bhuail an tUachtarán Ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin agus ina dhiaidh sin rinne paidir agus léigh an Forógra.

Lean an tUachtarán Ó hUigínn fleasc os comhair grúpa 16 chrann beithe, a chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín in onóir na gceannairceach a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916. Bhí nóiméad ciúnais ann i ndiaidh leagan na fleisce, chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca chomh maith leo siúd a fuair bás de bharr phaindéim COVID19.

 

 

In 2016, bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann sraith imeachtaí comórtha i dtace le hÉirí Amach 1916. D’fhoilsigh an Rialtas rogha óráidí an Uachtaráin a thug sé le linn na bliana comórtha. Tá 35 óráid de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn in ‘Ceiliúradh agus Comóradh Céad Bliain 1916 – 1916 Centenary Commemorations and Celebrations’. Tugadh iad ar fud na hÉireann thar thréimhse 2 bhliain, agus cuimsíonn siad imeachtaí áitiúla agus náisiúnta araon le linn 2016, príomhbhliain an chomórtha céad bliain. 

Tá an leabhar ar fáil ó Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, agus le híoslódáil ar líne (saor in aisce).

Lasann an tUachtarán agus Sabina solas dhlúthchomhair
Previous engagement

Lasann an tUachtarán agus Sabina solas dhlúthchomhair

Thug an tUachtarán aitheasc do chomhdháil gréasáin  AEPI  ‘Responding to Covid-19 - The situation in Africa’
Next engagement

Thug an tUachtarán aitheasc do chomhdháil gréasáin AEPI ‘Responding to Covid-19 - The situation in Africa’