An tUachtarán i láthair ag Searmanas Comórtha Dhomhnach Cásca

{{ diary_page.title }}

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann searmanas comórtha chun comóradh a dhéanamh ar 105 bliana ó Éirí Amach na Cásca 1916.

Cuirfear tús leis an gcomóradh, a chraol ag RTÉ, nuair a bhuailfidh an tUachtarán ó hUigínn Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin léifear Forógra na Cásca ó Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill Bhaile Átha Cliath.

Ansin leag an tUachtarán Ó hUigínn fleasc os comhair grúpa 16 chrann beithe, a chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn in 2019, ar mhaithe le haitheantas a thabhairt do rún na chéad Dála i 1919 a mhol gur chóir 16 chrann cuimhneacháin a chur in onóir na gceannairceach a cuireadh chun báis i 1916.

I ndiaidh leagan na fleisce, bhí nóiméad ciúnais ann chun comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca. 

Comóradh bliantúil Stáit is ea an searmanas seo, agus is cuid d’obair an Uachtaráin ar an “cuimhneachán eiticiúil” é freisin. Obair í seo ina leagann an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an tábhacht a bhaineann le haitheantas a thabhairt do leaganacha éagsúla, leaganacha contrártha in amanna, de chuimhní ar an am atá caite. 

An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2021
Previous engagement

An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain” 2021

Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta Thaistealaithe & Roma 2021
Next engagement

Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta Thaistealaithe & Roma 2021