Freastalaíonn an tUachtarán ar chruinniú de Ghrúpa Uachtaráin an AE Arraiolos

{{ diary_page.title }}

Ar cuireadh dó ag Uachtarán Phoblacht na hIodáile, A Shoilse Sergio Mattarella, beidh an tUachtarán Ó hUigínn páirteach i gcruinniú de ‘Ghrúpa Arraiolos’ Uachtaráin an AE.

Freastalóidh trí Cheann Stáit AE déag ar an 16ú cruinniú de chuid an Ghrúpa Arraiolos, a bheidh ar siúl i bPálás an Uachtaráin sa Róimh.

Beidh na Ceannairí Stáit ar fad ón mBulgáir, ón gCróit, ón Eastóin, ón nGearmáin, ón nGréig, ón Ungáir, ó Éirinn, ón Laitvia, ó Malta, ón bPolainn, ón bPortaingéil agus ón tSlóivéin i láthair, mar aon leis an tír óstach, an Iodáil.

Pléifidh cruinniú ghrúpa na gCeannairí Stáit AE i mbliana na féidearthachtaí do thodhchaí an AE sa domhan iar-phaindéime. 

Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.

Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn.

De dheasca phaindéim Covid-19, ní raibh sé d’acmhainn ag an ngrúpa bualadh le chéile san fhíorshaol le linn 2020.

 

Related events:

Freastalaíonn an tUachtarán agus Sabina ar fháiltiú do Phobal na hÉireann sa Róimh
Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán agus Sabina ar fháiltiú do Phobal na hÉireann sa Róimh

Buaileann an tUachtarán lena Shoilse, an tUasal Sergio Mattarella, Uachtarán Phoblacht na hIodáile
Next engagement

Buaileann an tUachtarán lena Shoilse, an tUasal Sergio Mattarella, Uachtarán Phoblacht na hIodáile