An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chruinniú d'Uachtaráin na hEorpa i Malta

Location: Mediterranean Conference Centre, Malta
{{ diary_page.title }}

Tá an tUachtarán Ó hUigínn, i dteannta a mhná Saidhbhín, tar éis taistil go Malta chun páirt a ghlacadh i gcruinniú bliantúil an Ghrúpa Arraiolos de 15 Uachtarán Eorpacha neamhfheidhmiúcháin. 
 
Tá síniú Chonradh na Róimhe 65 bliain ó shin á chomóradh i mbliana agus díreoidh an cruinniú, arna óstáil ag Uachtarán Malta, George Vella, ar athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Institiúidí an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an chomórtha, thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus dúshláin reatha agus dhomhanda.

Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.

Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn.

Imeachtaí gaolmhara

Bualann A. S. Katerina Sakellaropoulou uasal, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, leis an Uachtarán
Previous engagement

Bualann A. S. Katerina Sakellaropoulou uasal, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, leis an Uachtarán

Buaileann an tUachtarán le A Sh. George Vella, Uachtarán Phoblacht Mhálta
Next engagement

Buaileann an tUachtarán le A Sh. George Vella, Uachtarán Phoblacht Mhálta