An tUachtarán i láthair ag “The Sound of Ireland Concert” leis Na Píobairí Uileann

Location: Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath

Déanfaidh an tUachtarán freastal ar cheolchoirm “Sound of Ireland” in Amharclann na Mainistreach. 

Déanann “Sound of Ireland” ceiliúradh ar an bpíb uilleann, agus tá an cheolchoirm á reáchtáil chun aird a tharraingt ar an aitheantas a fuarthas le gairid ón Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe as tábhacht agus leithleachas na píobaireachta uilleann mar shiombail oidhreachta cultúrtha.  

Níos luaithe i mbliana, chuir an tUachtarán fáilte roimh an bpíobaireacht a bheith á chur san áireamh ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe an Chine Daonnade chuid EOECNA.

Fáiltiú le Tae Beag, ar scáth an Uachtaráin
Previous engagement

Fáiltiú le Tae Beag, ar scáth an Uachtaráin

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phríomh-Aire na hEastóine ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phríomh-Aire na hEastóine ar chuairt chúirtéise