An tUachtarán i láthair ag an searmanas aistrithe ag Comhdháil um Chanálacha an Domhain 2018

Location: Óstán Radisson, Baile Átha Luain, An Iarmhí
{{ diary_page.title }}

Bhí an tUachtarán i láthair ag Comhdháil Dhomhanda na gCanálacha

Tarraingeoidh an chomhdháil, a chruinníonn le chéile díograiseoirí, lucht gairme agus acadúil na n-uiscebhealaí ó gach cearn ar domhan, aird ar cheisteanna a bhaineann le bainistiú agus le forbairt na gcanálacha.

Nuair a bhí sé in Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, chuir an tUachtarán athchóiriú ghréasán na gcanálacha chun cinn, athcheangal na Canála Ríoga agus na Canála Móire san áireamh, agus chuidigh sé le forbairt níos mó ná 1000 km d’uiscebhealaí inseolta.


I mí na Bealtaine 2017, bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina aoi onóra ag imeacht i gCluain Dá Ráth, Co. Longfoirt, a rinne comóradh ar oscailt na Canála Ríoga in 1817. Féach anseo

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche sacair faoi-21 UEFA idir Phoblacht na hÉireann agus An Ghearmáin

Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag a gcéad ceadal ó Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, i dtaca le Clár na Bliana 2018 – 2019