Déanann an tUachtarán Comóradh Cinn 70 Choinbhinsiún na Ginéive a cheiliúradh, i gcomhar le Coiste Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge

Location: (Baile Átha Cliath)
{{ diary_page.title }}

Ag ócáid i mBaile Átha Cliath, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar bhunú Choinbhinsiúin na Ginéive 70 bliain ó shin.  

Is iad Coinbhinsiúin na Ginéive bunchloch an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta, agus rialaíonn siad cosaint daoine le linn coimhlinte armtha.  

Glacadh leo in 1949, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus bhunaigh  ceithre Choinbhinsiún na Ginéive agus na prótacail bhreise a lean iad corp dlí a shainíonn cearta príosúnach cogaidh agus pobal sibhialta a mbeirtear orthu i gcogaíocht. 

Chuir na Coinbhinsiúin bunús dlíthiúil ar fáil leis an bprionsabal gur cheart na daoine nach mbíonn ag glacadh páirte go díreach i gcogaíocht a chosaint agus a mbeatha agus a ndínit a dhearbhú, le linn na coimhlinte. 

Cuairt oifigiúil A.Sh. Miguel Díaz-Canel Bermúdez, Uasal, Uachtarán Phoblacht Chúba ar an Uachtarán
Previous engagement

Cuairt oifigiúil A.Sh. Miguel Díaz-Canel Bermúdez, Uasal, Uachtarán Phoblacht Chúba ar an Uachtarán

Next engagement

Sheolann Sabina Clár BIM/Fáilte Ireland: Bradán - Eispéireas Scéal an Bhradáin Éireannach Atlantach