D’fhreastail an tUachtarán ar shochraid Dolores Keane

Location: Cill Chuana, Gaillimh

"Is le fíor-bhrón a chuala mé faoi bhás an amhránaí  Dolores Keane.  Amhránaí í a bhain clú agus cáil amach anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne lena glór  inaitheanta álainn.  D'úsáid Dolores a bua nádúrtha féin agus an méid a d'fhoghlaim sí óna beirt aintíní Rita agus Sarah faoi thraidisiún na hamhránaíochta chun a stíl áirid féin a chruthú.

 Ba léir óna saothar le De Danann, a cuid oibre aonair, a rannpháirtíocht ar A Woman's Heart agus an iliomad taifeadáin atá chomh haitheanta le ceol na hÉireann go raibh a croí agus a hanam fite fuaite sna hamhráin a chas sí. 

Dúirt Nanci Griffith, tráth, go raibh glór beannaithe ag Dolores agus bhí an ceart ar fad aici.  Ach is í Dolores féin, lena hionracas, a bheannaigh an glór sainiúil sin agus í á roinnt linne go mórchroíoch. 

Gabhaim comhbhrón ó chroí lena mac Joseph, a híníon Tara, a beirt deartháir Seán agus Matt, a deirfiúr Theresa agus le clann Keane ar fad.  Comhbhrón freisin libhse uilig atá faoi scamall ag scéal a báis, faoi mar atá mise.  Mairfidh Dolores inár gcroíthe agus mairfidh a glór beannaithe choíche.  Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis."

Cuireann an tUachtarán Connolly fáilte roimh Coimisinéir na nGardaí Justin Kelly
Previous engagement

Cuireann an tUachtarán Connolly fáilte roimh Coimisinéir na nGardaí Justin Kelly

Next engagement

Ceiliúrann an tUachtarán Connolly Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down ag Zú Bhaile Átha Cliath