Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Cruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair - ILO ...

Location: An Ghinéiv, An Eilvéis
{{ diary_page.title }}

...sa Ghinéiv, maidir le Saol na hOibre.

 

Thug an tUachtarán Ó hUigínn príomhaitheasc i gceanncheathrú Eorpach na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv.  

I dteannta Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir, A Shoilse, an tUasal Touadera, ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i bPlé Painéil Ardleibhéil ag an gCruinniú Mullaigh “Domhan an tSaothair” i Halla Tionóil Palais des Nations. 

I ndiaidh aitheasc an Uachtaráin, tionóladh sraith cruinnithe ardleibhéil le hionadaithe an ILO agus freisin leis an Uasal Zeid Ra'ad Al Hussein, Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine de chuid an NA, agus leis an Uasal Peter Maurer, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. 
 

An tUachtarán i láthair ag cruinniú le Zeid Ra’ad Al Hussein, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cruinniú le Zeid Ra’ad Al Hussein, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe

Cuairt an Uachtaráin ar Fhondúireacht James Joyce, ina dhiaidh sin, rachaidh sé chuig uaigh James Joyce in Reilg Flutern
Next engagement

Cuairt an Uachtaráin ar Fhondúireacht James Joyce, ina dhiaidh sin, rachaidh sé chuig uaigh James Joyce in Reilg Flutern