Tugann an tUachtarán aitheasc tosaigh na hócáide don Eagraíocht Idirnaisiúnta Saothair

Location: (Baile Átha Cliath) Caisleán Bhaile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán an tAitheasc Tosaigh ag an imeacht náisiúnta chun bunú an ILO, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, céad bliain ó shin a chomóradh – gníomhaireacht de chuid na NA a thugann rialtais, fostóirí agus oibrithe as 187 ballstát le chéile chun caighdeáin a leagan síos, beartais a fhorbairt agus cláir a chur chun cinn chun obair fhiúntach a chur ar fáil do gach fear agus gach bean.
Eagraíonn an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus Ollscoil na hÉireann an Chomhdháil Náisiúnta Céad Bliain chun bunú na Eagraíochta Idirnáisiúnta Saothair céad bliain ó shin a chomóradh. 
Déanfaidh an Chomhdháil plé ar “Todhchaí na hOibre” trí dhearcadh Dhearbhú Philadelphia 1944, a raibh an tÉireannach Edward Phelan ina phríomhúdar air.  

I mí Feabhra 2015, thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheantas do Edward Phelan ina aitheasc “Todhchaí na hOibre”, atá ar fáil anseo. San óráid sin, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: “Tá an oiread tábhachta céanna ag baint le tionchar dhíbhuanú leanúnach an tsaothair ar cháilíocht na hoibre, ar an gcomhghleacaíocht agus ar mheanma na n-oibrithe is atá leis an dífhostaíocht eindéimeach, dar liom, maidir le bheith ina gcúis leis an anóime agus le coimhthíos forleathan ár gcomhshaoránaigh.” 

Imeachtaí bainteacha:

President hosts a meeting with H.E. Carlos Holmes Trujillo García, Colombian Minister of Foreign Affairs
Previous engagement

President hosts a meeting with H.E. Carlos Holmes Trujillo García, Colombian Minister of Foreign Affairs

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina d’fhonn aitheantas a thabhairt do shaothar na gConsul Oinigh thar lear
Next engagement

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina d’fhonn aitheantas a thabhairt do shaothar na gConsul Oinigh thar lear