Spreagaitheasc ón Uachtarán agus clabhsúr á chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath, 2018

Location: An Clólann - Ionad Comhdhála Chaisleán Bhaile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc speisialta chun clabhsúr a chur le Féile Staire Bhaile Átha Cliath.

 

 

I mí an Mheithimh, rinneadh comóradh in Éirinn ar thabhairt cead vótála do mhná 100 bliain ó shin. Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar an gcéad bliain ar roinnt ócáidí éagsúla; ina measc cuireadh fáilte ar siúl le haghaidh mná spóirt (ar Lá Idirnáisiúnta na mBan), cóisir gairdín in ómós don ghluaiseacht chun cead vótála a thabhairt do mhná (ar an 27 Meitheamh), agus nochtadh leac chuimhneacháin in ómós don ghníomhaí ar son chearta na mban, Hanna Sheehy Skeffington (i mí an Mheithimh). Chomh maith leis sin, i mí Feabhra na bliana seo, thug an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na Sufraigéidí i nGairdíní Christchurch i Londain
 

Aitheasc ón Uachtarán ag Comhdháil chun aitheantas a thabhairt do Chomóradh Cinn 50 Ghluaiseacht na gCearta Síbhialta
Previous engagement

Aitheasc ón Uachtarán ag Comhdháil chun aitheantas a thabhairt do Chomóradh Cinn 50 Ghluaiseacht na gCearta Síbhialta

Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Aifreann éagnairce Emma Mhic Mhathúna