Tugann an tUachtarán óráid in Ionad Ardghníomhaíochta Chumann Rugbaí na hAstráile

Location: Sydney, An Astráil

Sydney, An Astráil

Dé Céadaoin, 18th Deireadh Fómhair 2017

{{ diary_page.title }}

Agus é in Sydney, thug an tUachtarán cuairt ar an Ionad Ardfheidhmíochta de chuid Chumann Rugbaí na hAstráile i Moore Park, sular osclaíodh go foirmiúil é.

Chuaigh Cumann Rugbaí na hAstráile (ARU) i bpáirt le hOllscoil na Teicneolaíochta  in Sydney chun an tIonad a fhorbairt, ag ceanncheathrú an ARU.

Ina aitheasc don ARU agus d'ionadaithe Chlub Lansdowne, labhair an tUachtarán faoin gceangal stairiúil idir an Astráil agus Éire i dtaca le rugbaí. Luaigh an tUachtarán an athuair a "lántacaíocht" d'iarracht na hÉireann an Corn Domhanda Rugbaí a rith in 2023 - rud a bhí déanta roimhe sin ag an Uachtarán, i Márta 2017 mar shampla, nuair a chuir sé fáilte roimh thoscairí an Rugbaí Dhomhanda chuig Áras an Uachtaráin.

 

Is féidir éisteacht le hóráid an Uachtaráin trí an ghearrthóg fuaime thíos a bhrú.

Tugann an tUachtarán cuairt chúirtéise ar a Shoilse Ró-Onórach, David Hurley, AC, DSC (ar scor)...
Previous engagement

Tugann an tUachtarán cuairt chúirtéise ar a Shoilse Ró-Onórach, David Hurley, AC, DSC (ar scor)...

Cuairt an Uachtaráin ar SiteMinder Ltd (Cliant de chuid ÚFT)
Next engagement

Cuairt an Uachtaráin ar SiteMinder Ltd (Cliant de chuid ÚFT)