Tugann an tUachtarán aitheasc ag "Beo"

{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc ag “Beo”, féile a cheiliúrann an teanga Ghaeilge.
Beidh “Beo” ar an bhféile shráide Ghaeilge is mó i mBliain na Gaeilge 2018.

Cliceáil ar an nasc thíos chun aitheasc an Uachtaráin a léamh.  

I rith a shaol gairmiúil, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an nGaeilge agus bhí sé ar dhuine de thiománaithe taobh thiar de bhunú Teilifís na Gaeilge, TG4 mar atá anois. 

Ina óráid insealbhaithe i mí na Samhna 2011, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur Uachtaránacht Smaointe a bheadh aige, uachtaránacht báúil don teanga, do choincheapa agus do thoimhdí neamhráite. Ó shin, léirigh sé áit lárnach na Gaeilge inár stair agus inár gcultúr go minic, agus spreag sé daoine go leanúnach chun an teanga a labhairt, fiú mura bhfuil acu ach ‘cúpla focal’. 

Ina óráidí, ghair an tUachtarán ar smaointe nua agus tiomantas chun díocas ar son na teanga a scaipeadh agus chun daoine a spreagadh lena labhairt.

Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Uasal Thuli Madonsela

An tUachtarán i láthair ag ócáid chun cothrom 100 báis John Redmond a chomóradh
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag ócáid chun cothrom 100 báis John Redmond a chomóradh