Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil maidir le “Brexit, Éire, agus Todhchaí na hEorpa”

Location: Amharclann an Helix, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

Déardaoin 25 Eanáir thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag an gComhdháil “Brexit, Ireland and the Future of Europe.”


Ina aitheasc chuir an tUachtarán fáilte roimh an méadú sa díospóireacht phoiblí faoin AE agus faoi thodhchaí an chomhoibrithe san Eoraip, agus tharraing sé aird ar atógáil an Aontais, á rá nach bhféadfaí é a atógáil ón mbarr anuas ach go gcaithfí é a athnuachan trí dhíriú ar ábharthacht an AE dá shaoránaigh agus ar na dúshláin atá rompu. 

Dúirt an tUachtarán nach féidir na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach – athrú aeráide, imirce dhomhanda, todhchaí shaol na hoibre – a shárú ach amháin tríd an gcomhtháthú sóisialta agus trí na hinstitiúidí sin a thugann le chéile agus a chosnaíonn an dlúthpháirtíocht sa tsochaí a neartú. 

 

Ó insealbhaíodh é, labhair an tUachtarán ar an iliomad ócáid faoin tábhacht a bhaineann le hathnuachan an AE, go háirithe sna hóráidí seo a leanas:


 

Fáiltíonn an tUachtarán roimh rannpháirtithe an fhoilseacháin dar teideal “A Dialogue of Hope”
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh rannpháirtithe an fhoilseacháin dar teideal “A Dialogue of Hope”

Cuairt an Uachtaráin ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid San Prionsias
Next engagement

Cuairt an Uachtaráin ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid San Prionsias