Aitheasc ón Uachtarán agus Stair na hÉireann ó Chambridge á seoladh

Location: Dublin Castle
{{ diary_page.title }}

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn The Cambridge History of Ireland – suirbhé cinniúnach ar stair na hÉireann ón mbliain 600 go dtí an lá atá inniu ann. 

Bhí os cionn 100 staraí mór le rá, as Éirinn agus áiteanna eile ar domhan, i mbun scríbhneoireachta, agus cuireann na leabhair stair chuimsitheach agus údarásach na hÉireann ar fáil, agus suitear stair na hÉireann i gcomhthéacs leathan na Breataine, na hEorpa agus an impiriúlachais.

Foilsíodh an leabhar le linn Deich mBliana na gCuimhneachán agus léiríonn na leabhair cuid mhaith de na téamaí ar labhair an tUachtarán fúthu ina chuid oibre: an ceannas, an teanga, an tsainiúlacht, an imirce, an foréigean, an gnéas, an eacnamaíocht agus an t-ocras.  

President addresses meeting of Irish Centers
Previous engagement

President addresses meeting of Irish Centers

Nochtann an tUachtarán agus Sabina “The Plough & the Stars” - suiteán atá tógtha i ngáirdín Áras...
Next engagement

Nochtann an tUachtarán agus Sabina “The Plough & the Stars” - suiteán atá tógtha i ngáirdín Áras...