Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comóradh 75 bliain na Náisiúin Aontaithe

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráín
{{ diary_page.title }}

Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do sheisiún speisialta de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chun 75 bliain a bhunaithe a chomóradh. 

Bunaíodh na Náisiúin Aontaithe in 1945 agus tá cothrom lae a bhunaithe chomórta aige trí "dhíospóireacht an phobail" mar atá tugtha ag Ard-Rúnaí an NA António Guterres uirthi. 

Ó chuaigh sé in oifig, tá aitheasc tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn don NA ar roinnt ócáidí, ina measc an Comhthionól Ginearálta in 2019 agus raon cruinnithe mullaigh téamacha.

I mbliana, nuair is gnóthaí a bhíonn cúrsaí sa NA agus an Comhthionól Ginearálta ar siúl, b'éigean leagan amach éagsúil a dhéanamh ar an gcomhthionól de bharr phaindéim Covid-19, agus bhí cuid mhaith de na himeachtaí ar bun ó chian. 
 

Oíche Chultúir 2020
Previous engagement

Oíche Chultúir 2020

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Mark Daly, Uasal, Cathaoirleach Sheanad Éireann, ar chuairt chúirtéise
Next engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Mark Daly, Uasal, Cathaoirleach Sheanad Éireann, ar chuairt chúirtéise