...na nOileán.
Dhírigh an dara himeacht i sraith Cóisirí Gairdín na bliana 2017, a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín, ar aitheantas a thabhairt do na daoine agus na heagrais a bhíonn ag obair chun tacú le pobail shláintiúla rathúla ar oileáin na hÉireann agus chun iad a chur chun cinn.
Thug an tUachtarán agus Saidhbhín cuireadh do dhaoine ó phobail na n-oileán ar fud na hÉireann, agus ó eagrais agus institiúidí a thacaíonn le saol na n-oileán nó a bhfuil baint acu leo.