Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin, d’fhonn aitheantas a thabhairt do Lá Domhanda na Fealsúnachta

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú ar siúl in Áras an Uachtaráin chun Lá Domhanda na Fealsúnachta a chomóradh agus Gradaim Fhealsúna Óga na hÉireann a sheoladh.

Anuraidh, rinne an tUachtarán comóradh ar Lá Domhanda na Fealsúnachta agus d’éiligh sé go ndéanfaí níos mó machnaimh agus díospóireachta faoi na scileanna atá de dhíth orainn mar shaoránaigh i sochaí atá ag athrú go tapa. Ó shin i leith, labhair an tUachtarán go minic ar an ngá atá ann tosca eiticiúla a thabhairt chun cinn sa phlé poiblí faoi shochaí, gheilleagar agus pholaitíocht  na hÉireann.

Ar ócáid na bliana seo, chuaigh an tUachtarán níos doimhne sna téamaí sin.

Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh, nó éisteacht leis, trí chliceáil ar an nasc thíos.

Tá a raibh le rá ag na cainteoirí eile ar fáil ar www.facebook.com/PresidentIRL

Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche cáilithe Sacair - Corn Domhanda FIFA, 2018, - idir Phoblacht...

Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche Rugbaí idir Éire agus Fidsí