Teachtaireacht Chuig Daltaí Rang A Sé ón an Uachtarán

Tá teachtaireachtaí físeáin speisialta do dhaltaí bunscoile eisithe ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Tá scoileanna ar fud na hÉireann dúnta ó thráthnóna Déardaoin 12 Márta , rud a chuir isteach ar shaol na mílte dalta ar fud na tíre.

Ina theachtaireacht do dhaltaí rang 6, thug an tUachtarán aitheantas don chur isteach mór ar shaol na ndaltaí agus don díomá a bhain leis an oiread sin imeachtaí a bhí pleanáilte curtha ar ceal. Chuir an tUachtarán a dhea-ghuí in iúl do na daltaí agus iad ag fágáil sláin lena mblianta sa bhunscoil.

Oscailt oifigiúil na féile ‘Bloom sa Bhaile’ á dhéanamh ag an Uachtarán
Previous engagement

Oscailt oifigiúil na féile ‘Bloom sa Bhaile’ á dhéanamh ag an Uachtarán

Thug an tUachtarán aitheasc le searmanas bronnta céime Scoil an Altranais
Next engagement

Thug an tUachtarán aitheasc le searmanas bronnta céime Scoil an Altranais