Taispeántas dar teideal, “From Prisoner to President” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Location: Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath
{{ diary_page.title }}

d'Oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas Nelson Mandela i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, chun comóradh a dhéanamh ar chothrom lae 100 bliain ó rugadh Nelson Mandela agus ar 25 bliain de chaidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an Afraic Theas. 

Léirítear sa taispeántas, a osclaíonn in Éirinn mar thoradh ar chuairt an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhúsaem an Apartheid in 2014, láidreacht agus leithead chaidreamh na hÉireann leis an Afraic Theas, ó thacaíocht na hÉireann leis an ngluaiseacht frith-Apartheid, go dtí an chomhpháirtíocht bheoga agus ilghnéitheach atá idir Éire agus an Afraic Theas.  

Beidh an taispeántas faoi dhuine de throdaithe na saoirse is mó aithne ar domhan ar siúl i bPríosún Chill Mhaighneann, inar coinníodh cuid de throdaithe na saoirse is mó aithne na hÉireann tráth. 

Fáiltíonn an tUachtarán roimh ASR an Diúc agus Bandiúc Sussex, ar chuairt chúirtéise
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh ASR an Diúc agus Bandiúc Sussex, ar chuairt chúirtéise

Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais
Next engagement

Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais