Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.E. Mr. Sandeep Kumar, Ambasadóir an India

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh H.E. Mr. Sandeep Kumar, Ambasadóir an India a bhí ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin agus slán á fhágáil aige.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.
 

Teachtaireacht do Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar 2021
Previous engagement

Teachtaireacht do Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar 2021

Glacann Saidhbhín Uí Uigínn páirt in ócáid ghrianghrafadóireachta le Pacaí Saothraithe Colastram Réamhbhreithe a sheoladh, Togra Beathú Cíche mar chuid den tSeachtain um Beathú Cíche
Next engagement

Glacann Saidhbhín Uí Uigínn páirt in ócáid ghrianghrafadóireachta le Pacaí Saothraithe Colastram Réamhbhreithe a sheoladh, Togra Beathú Cíche mar chuid den tSeachtain um Beathú Cíche