Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin chun ómós a thabhairt d’Fhoireann Haca Ban na hÉireann a ghlac páirt sa Chraobh do Chorn an Domhain

Location: Áras an Uachtaráin, Dublin

President Higgins has offered his warmest congratulations to the Irish women‘s hockey team

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le foireann hacaí ban na hÉireann as a héacht stairiúil agus an bonn airgid á bhuachan ag an bhfoireann sa Chraobhchomórtas domhanda.

B’éacht ann féin é an cluiche ceannais a bhaint amach agus b’inspioráideach an tslí a ndearna siad é sin le scil, díograis agus spiorad foirne.

Tá an fhoireann seo ceannródaíoch i gcomhthéacs hacaí na hÉireann agus spórt na hÉireann, agus spreagfaidh a héacht mór fir agus mná óga ar fud oileán na hÉireann tabhairt faoin spórt.

Mar gheall air sin, agus ar a rath ar an bpáirc imeartha, tá ár mbuíochas tuillte ag an bhfoireann agus ag an bhfoireann tacaíochta.”

Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Banuasal Kerry Kennedy, ar chuairt chúirtéise
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh An Banuasal Kerry Kennedy, ar chuairt chúirtéise

Next engagement

Sabina i láthair don “Mile in Memory Walk” le FirstLight