Óstálann an tUachtarán léiriú den scannán faisnéise “The Great Green Wall”

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

D’óstáil an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn léiriú den scannán faisnéise a bhfuil go leor gradam buaite aige, ‘The Great Green Wall’.
 
Bhí an léiriú seo mar chuid de shraith imeachtaí ardleibhéil arna óstáil ag ceannairí smaointeoireachta domhanda, agus é mar uaillmhian acu díospóireacht, plé agus gníomh a spreagadh chun an fhís phráinneach de 8,000km den Bhalla Mór Glas a sheachadadh faoi 2030.
 
Reáchtáladh an chéad léiriú sa tsraith ar seo an 16 Iúil 2020 agus d’óstáil an tArdeaspag Oirmhinneach Desmond Tutu. 
 
Ba é an t-imeacht seo, a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn Déardaoin 30 Iúil, an chéad léiriú fíorúil den scannán faisnéise seo san Eoraip.
 
Eagraíodh na léirithe i gcomhpháirt leis an Aontas Afracach – a ghlacann ceannaireacht ar thionscnamh an Bhalla Mór Glas – agus an fondúireacht pobalbhunaithe, Civic, a d’ainmnigh an tAontas Afracach le cabhrú le gluaiseacht sochaí sibhialta forleathan a chun ar siúl chun feasacht dhomhanda a ardú ar an tionscnamh.
 
  
Imeachtaí gaolmhara: 

Tionól Fíorúil Domhanda ag Clann Uí Mháille
Previous engagement

Tionól Fíorúil Domhanda ag Clann Uí Mháille

An tUachtarán i láthair ag Aifreann Sochraide John Hume
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Aifreann Sochraide John Hume