Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan

Location: (Dublin) Áras an Uachtaráín
{{ diary_page.title }}

Is ócáid atá in Lá Idirnáisiúnta na mBan chun gníomhartha misniúla agus tiomantas gnáthbhan, a raibh páirt ghníomhach acu i stair a dtíortha agus a bpobal, a cheiliúradh.  

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn iarracht gach bliain an Lá a chomóradh chun aird a tharraingt ar a bhfuil bainte amach ag mná i gcúrsaí sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla agus chun cur leis an nglaoch chun gnímh le dul i ngleic leis an neamhionannas inscne agus leis an bhforéigean in aghaidh na mban:

Is é téama Lá Idirnáisiúnta na mBan 2020 "Is Glúin an Chomhionannais mé: Cearta na mBan á bhFíorú."

Agus an téama sin á léiriú acu, déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú a chur ar siúl do dhaoine agus d’eagrais a bhfuil obair agus dul chun cinn á ndéanamh acu chun sprioc a bhaint amach domhan níos córa agus níos cothroime a thógáil ina bhfíorófar cearta na mban go hiomlán.  Comórfaidh an t-imeacht Dearbhú agus Ardán chun Gnímh Bhéising 25 bliain ó shin, plean leathan straitéiseach chun cearta na mban a bhaint amach i dtíortha agus i réigiúin ar fud an domhain.

An tUachtarán i láthair ag cluiche cáilithe i sraith na hEorpa – UEFA – ag Mná, idir Éire agus an Ghréig
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag cluiche cáilithe i sraith na hEorpa – UEFA – ag Mná, idir Éire agus an Ghréig

An Leabhar Cómhbhróin i gcuimhne ar bhás iarArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus iarPhríomh-Aire Pheiriú Pérez de Cuéllar
Next engagement

An Leabhar Cómhbhróin i gcuimhne ar bhás iarArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus iarPhríomh-Aire Pheiriú Pérez de Cuéllar