Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós na Féile Pádraig

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Gach bliain, déanann an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Lá Fhéile Pádraig a chomóradh trí fháilte a chur roimh ghrúpaí agus dhaoine a bhfuil a gcion féin déanta acu ar son shochaí na hÉireann. Anuraidh dhírigh an fáiltiú ar a raibh bainte amach ag mná i réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus an bhliain roimhe sin, thug an tUachtarán aitheantas do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann as a gcuid oibre tarrthála sa Mheánmhuir. 
I mbliana, bainfidh an tUachtarán leas as fáiltiú Lá ‘le Pádraig chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil a gcuid orgán deonaithe acu, chomh maith leo siúd a fuair orgán aistrithe agus le pearsanra míochaine a raibh baint acu le hobráidí aistrithe. 

An tUachtarán i láthair ag ócáid in onóir Rory Gallagher
Previous engagement

An tUachtarán i láthair ag ócáid in onóir Rory Gallagher

Cuairt an Uachtaráin ar Mhúsaem Eisimirce na hÉireann
Next engagement

Cuairt an Uachtaráin ar Mhúsaem Eisimirce na hÉireann