Searmanas ar scáth an Uachtaráin, i dtaca le hócáid lasta soilse ar an gCrann Nollag in Áras an Uachtaráin

Location: Áras an Uachtaráin
{{ diary_page.title }}

Gach bliain tagann thart ar 20,000 duine ar cuairt ar Áras an Uachtaraín, mar aíonna ag cuid den iliomad imeachtaí a eagraítear i dteach cónaithe Uachtarán na hÉireann.

Ag ceann amháin de na himeachtaí sin, a tharlaíonn gach bliain ag tús mhí na Nollag, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidbhín fáilte roimh na gcéadta teaghlach chuig an Áras chun a bheith i láthair nuair a chastar air soilse na Nollag go hoifigiúil.

Is ócáid ar leith a bhíonn anseo, mar a gcuireann an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte speisialta roimh na páistí in Áras an Uachtaráin tríd an teach a athrú ina áit lán le hiontais an gheimhridh, le soilse glioscarnacha, réinfhianna bréige agus béiríní geala bána agus tagann Daidí na Nollag é féin i láthair go speisialta.

Síníonn an tUachtarán leabhar an chomhbhróin faoi bhás iar-Uachtarán Mheiriceá George H.W. Bush
Previous engagement

Síníonn an tUachtarán leabhar an chomhbhróin faoi bhás iar-Uachtarán Mheiriceá George H.W. Bush

Next engagement

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag “Miscellany 50” – ceiliúradh ar an gclár iomráiteach le RTÉ dar teideal, Sunday Miscellany