Déanann an tUachtarán agus Sabina an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche a chomóradh

{{ diary_page.title }}

Reáchtálfar an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche ar an 1-7 Deireadh Fómhair agus téama na bliana seo ná: ‘An cothú na todhchaí: Ag tacú leis an mbeathú cíche tríd an bpaindéim agus tuilleadh lena chois’.

Creideann saineolaithe go bhfuil an beathú cíche ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt an linbh le linn a chéad bhliana. Soláthraíonn an bainne cíche na hairí cothaitheacha atá ag teastáil ó naíonáin go luath sa saol. Cuireann sé cosaint fhadtéarmach ar fáil don leanbh agus réitíonn sé an bealach leis an otracht i bpáistí a chosc.  Cabhraíonn an beathú cíche le máithreacha teacht ar ais chucu féin i ndiaidh na breithe, bíonn dáimh ar leith eatarthu féin agus a bpáiste agus laghdaíonn sé an baol a bhaineann leis an dúlagar iarbhreithe, agus ailse chíche agus ubhagáin.

Imeachtaí ábhartha eile:

Freastalaíonn Saidhbhín ar Shearmanas Bronnta do Yoga Therapy Ireland
Previous engagement

Freastalaíonn Saidhbhín ar Shearmanas Bronnta do Yoga Therapy Ireland

Déanann an tUachtarán teachtaireacht a thaifeadadh don chomhdháil “Closing the Revolving Door”
Next engagement

Déanann an tUachtarán teachtaireacht a thaifeadadh don chomhdháil “Closing the Revolving Door”