Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta

{{ diary_page.title }}

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis teachtaireacht speisialta a thaifeadadh chun Lá na Náisiún Aontaithe  chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú a chomóradh.

Tá an 17 Deireadh Fómhair ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Lá Idirnáisiúnta chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú, mar lá chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí agus do streachailt na ndaoine atá beo bocht agus chun deis a thabhairt dóibh a n-ábhair bhuartha a chur chun tosaigh. 

Ina theachtaireacht, déanann an tUachtarán Ó hUigínn machnamh ar thionchar phaindéim dhomhanda Covid-19 ar na pobail is boichte ar domhan, agus éilíonn sé comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr “chun na daoine leochaileacha a chosaint agus iad siúd is mó atá ar an ngannchuid a chumasú.”

 

 

Imeachtaí gaolmhara:

Tugann an tUachtarán Aitheasc ag tús Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman 2020
Previous engagement

Tugann an tUachtarán Aitheasc ag tús Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman 2020

Next engagement

Tugann an tUachtarán aitheasc ag searmanas Ghradaim Teilifíse agus Scannán na hÉireann’