Buaileann an tUachtarán lena Naofacht an Pápa Proinsias

Location: An Vatacáin, Cathair na Vatacáine
{{ diary_page.title }}

Bhí cruinniú príobháideach ag an Uachtarán Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias sa Vatacáin.

Nuair a chas an tUachtarán leis an bPápa Proinsias i mí Mheán Fómhair 2021, bhronn sé ‘Bata an Iascaire’ ar a Naofacht. Rinneadh an bata ar Inis Mór, an t-oileán is mó de chuid Oileáin Árann, ceann de na pointí is faide siar san Eoraip.

Sa bhata atá déanta ag an ealaíontóir Lochlainn Cullen, tá adhmad draighin, a fásadh agus a dearadh ar an oileán, agus é maisithe le snaidhmeanna cadáis. Tá na snaidhmeanna seo leagtha amach ar nós bíse ar a dtugtar ‘Snaidhm Mhuire’, a bhfuil trí snáithe ann, fite fuaite go ceann amháin, leis an Tríonóid Naofa a léiriú.
 

Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar dhinnéar in onóir Ard-Rúnaí an FAO, an Dr QU Dongyu
Previous engagement

Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar dhinnéar in onóir Ard-Rúnaí an FAO, an Dr QU Dongyu

Next engagement

Tugann an tUachtarán eochairaitheasc ag Clabhsúr Fhóram Domhanda an Bhia