An tUachtarán chun Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa, a sheoladh go hoifigiúil

Location: 6:00 pm (Gaillimh) An Pháirc Theas

Seolfaidh an tUachtarán Ó hUigínn Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa go hoifigiúil ag searmanas oscailte tráthnóna Dé Sathairn 8 Feabhra 2020.

Beidh ceiliúradh saor in aisce amuigh faoin aer le tine, mórshiúlta agus ceol agus foireann tarraingthe ó phobail ar fud Chontae na Gaillimhe.

Tá an clár bliana bunaithe ar cheithre shéasúr i bhféilire ársa na gCeilteach in Éirinn agus cuirfear tús leis ar an 1 Feabhra, a dtugtar Imbolc go traidisiúnta air, féile ársa phágánach a sheasann do thús an earraigh.

Osclófar gach aon cheann de cheithre shéasúr an chláir le féile thine, a léireoidh traidisiún na hÉireann nuair a dhéantaí an séasúr nua a cheiliúradh le tine.

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán
Previous engagement

Fáiltíonn an tUachtarán roimh an Dochtúir Ríonach Uí Ógáin agus a Comhluadar; bronnfar an saothar “Life, Lore and Song / Binneas an tSiansa” ar an Uachtarán

An tUachtarán i láthair ag Cluiche FAI idir Foireann Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige, i ndáil le Corn an Uachtaráin
Next engagement

An tUachtarán i láthair ag Cluiche FAI idir Foireann Peile Dhún Dealgan agus Ruaigirí na Seamróige, i ndáil le Corn an Uachtaráin